RnaG Stáisiún na Bliana + Rónán Pearsa Raidió na Bliana |
|
|
Tá an gradam do stáisiún raidió na bliana buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach. Fógraíodh an buaiteoir oíche Dé hAoine ag an bhféile i Steòrnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain. Bhuaigh an stáisiún an gradam seo go deireanach sa bhliain 2009. Fógraíodh níos luaithe Dé hAoine gurb é Rónán Mac Aodha Bhuí Pearsa Raidió na Bliana. Ceithre stáisiún a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta don duais - BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales, BBC Radio nan Gàidheal agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug leo an gradam. Ba í Ceannaire an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin, a ghlac leis an ngradam, agus dúirt sí gur chúis mhór bróid don stáisiún an duais seo, agus an t-aitheantas ar dhea-obair na foirne seacht lá na seachtaine. Is as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Rónán Mac Aodha Bhuí agus cuireann sé an clár Rónán Beo @ 3 i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga ó Mháirt go hAoine. Ní raibh teilifís ar bith acu sa teach agus Rónán ina ghasúr beag, agus mar sin bhí suim aige sa raidió ariamh, deir sé gur spreag sé a shamhlaíocht. Bhuaigh sé an gradam do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais le dhá bhliain anuas, agus bhuaigh Rónán Beo @3 an duais don chlár raidió is fearr anuraidh. Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar Rónán Beo @ 3, mar a deir sé féin, idir throm agus éadrom - ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus Mary Aggie, dár ndóigh.
RTÉ Raidió na Gaeltachta has been named radio station of the year at the Celtic Media Festival. The winner was announced at the festival in Stornoway on the Isle of Lewis in Scotland on Friday night, and the award was accepted by Ceannaire of RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin. Courtesy - RTE ten http://www.rte.ie/ten/2011/0417/radio.html
|





