Follow Us » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Home News Partner News Minister pays tribute to actor Mick Lally

Minister pays tribute to actor Mick Lally

Print

Mick LallyÓmós á thaispeáint ag an Aire Ó Ciardha do Mick Lally 'scoth an cheardaí stáitse agus scáileáin i nGaeilge agus i mBéarla'

Thug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha, TD, ómós don aisteoir clúiteach Mick Lally a bhásaigh inniu in aois 64 bliain.

"Bhí agus beidh urraim agus ómós ag muintir na hÉireann i gcónaí don aisteoir agus don duine uasal, Mick Lally, as a ghairmiúlacht chríochnaithe, as a umhlaíocht agus as a chroí mór. Scoth an aisteora ab ea é a fhágfaidh a shaothar le hoidhreacht againn. Thug sé mothúcháin dhoimhne chun cinn agus ghlac sé smacht ar gach páirt a bhí aige agus ba mhór an cumas a bhí aige dul go croí an charachtair agus spiorad an charachtair sin a chur os ár gcomhair amach.  Bhí daonnacht ina chroí agus ba léir é sin ina shaothar uile ar stáitse agus ar scáileán.

Leag an tAire Ó Ciardha béim speisialta ar obair mhór an Uasail Lally i saol amharclannaíochta, teilifíse agus scannáin na Gaeilge agus dúirt sé go bhfanfaidh sé go deo i gcuimhne phobal na Gaeilge.

"B'eiseamláir é Mick, cainteoir dúchais as Maigh Eo, a leanfaidh na daoine siúd a chreideann i mbeocht agus i dtábhacht na Gaeilge. Sheas sé ar son a theanga dílis leis an dínit ba dhual dó agus ba i nGaeilge a rinne sé cuid dá pháirteanna ab iomráití agus ba mhó cáil. Tá laoch ar lár gan aon amhras.”

Rinne an tAire Ó Ciardha a chomhbhrón lena bhean Peggy, agus lena chlann Saileog, Darach agus Maghnus, lena mhuintir go léir, lena chairde agus lena chomhghleacaithe.

Minister Carey pays tribute to Mick Lally ‘a master of stage and screen in Irish and English’

The Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs, Pat Carey TD has paid tribute to the actor Mick Lally who died today aged 64 and offered his condolences to Mr. Lally’s family and friends.

“Through his consummate professionalism, humility and generosity of spirit as an actor and as a man, Mick Lally earned a special place in the hearts of Irish people. He was one of our greatest actors and he leaves behind a body of work that will endure. He brought a depth of feeling and authenticity to every role he played and he had a wonderful ability to get to the heart of a character and to bring that character to life. His great humanity always shone through in his work on stage and screen”.

Minister Carey paid particular tribute to Lally’s work in Irish language theatre, television and film and said that he would be fondly remembered by the Irish language community.

“A native speaker from Mayo, Mick was a great example to those who believe in the vitality and importance of Irish. He advocated for the language he loved with characteristic dignity and he did some of his finest work in Irish. Tá laoch ar lár gan aon amhras.”